Aengus Ó Snodaigh
Question:121 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Airgeadais an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Airgeadais. [15136/04]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004
121 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Airgeadais an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Airgeadais. [15136/04]
View answer122 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Airgeadais conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán Lá san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15151/04]
View answer123 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Airgeadais cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15166/04]
View answerTógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 121, 122 agus 123 le chéile.
Tar éis phróisis chomórtais is é Brindley Advertising an ghníomhaireacht fógraíochta i gcás Ranna Rialtais. Is í an Roinn a bhíonn an fógra á chur ar nuachtán aici, i gcomhairle leis an ngníomhaireacht fógraíochta, a chinneann ar na nuachtáin ar a gcuirfear aon fhógra ar leith, agus ábhar an fhógra agus an pobal ar a bhfuil an fógra dírithe á gcur san áireamh. Sa bhliain 2003 chuir an Roinn Airgeadais fógraí a chosain €1,545 ar Foinse agus €855 ar Lá.