Skip to main content
Normal View

Fógraíocht Ranna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004

Tuesday, 25 May 2004

Questions (125, 126, 127)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

142 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. [15138/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

143 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Eolaíochta conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15153/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

144 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15168/04]

View answer

Written answers

Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 142, 143, 144 a fhreagairt le chéile.

An cur chuige atá i bhfeidhm i dtaca le fógraíocht go ginearálta ná go ndeintear cinneadh i ngach cás ar leith, ag cur san áireamh na cúinsí a bhaineann leis an chás áirithe sin, mar shampla, an cineál ábhair atá i gceist, an dream a bhfuil an fógra dírithe air agus an riachtanas le luach ceart airgid a fháil. Ní bhíonn comórtas ná liosta nuachtán réamh-roghnaithe ar leith i gceist sa phróiseas seo.

Ba é costas na bhfógraí de chuid na Roinne seo a cuireadh sa nuachtán Foinse i 2003 ná €20,443.89.

Top
Share