Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 142, 143, 144 a fhreagairt le chéile.
An cur chuige atá i bhfeidhm i dtaca le fógraíocht go ginearálta ná go ndeintear cinneadh i ngach cás ar leith, ag cur san áireamh na cúinsí a bhaineann leis an chás áirithe sin, mar shampla, an cineál ábhair atá i gceist, an dream a bhfuil an fógra dírithe air agus an riachtanas le luach ceart airgid a fháil. Ní bhíonn comórtas ná liosta nuachtán réamh-roghnaithe ar leith i gceist sa phróiseas seo.
Ba é costas na bhfógraí de chuid na Roinne seo a cuireadh sa nuachtán Foinse i 2003 ná €20,443.89.