Skip to main content
Normal View

Fógraíocht Ranna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004

Tuesday, 25 May 2004

Questions (206, 207, 208)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

223 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha. [15139/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

224 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15154/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

225 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15169/04]

View answer

Written answers

Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 223, 224 agus 225 a thogáil le chéile.

Is ábhair ceist do mo Roinnse nuachtáin nó foilsiúcháin a roghnú nuair a cuirtear fógraí nó fógraí poiblí i nuachtáin. Déantar an roghnú ar an prionsaibil luach ar airgead, ag cur san áireamh an cinéal fógra agus an lucht cuspóra. D'íoc mo Roinnse €1,168 i 2003 i leith fógraí-fógraí poiblí iFoinse.

Top
Share