Aengus Ó Snodaigh
Question:255 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte agus Leanaí an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Sláinte agus Leanaí. [15141/04]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004
255 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte agus Leanaí an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Sláinte agus Leanaí. [15141/04]
View answer256 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte agus Leanaí conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán Lá san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15156/04]
View answer257 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte agus Leanaí cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15171/04]
View answerTógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 255 go dtí 257 le chéile.
Chaith mo Roinn €11,797.50 (gan CBL) ar fhógraí sa nuachtán Foinse i 2003. Nuair a bhíonn fógraí á gcur i nuachtáin, déantar na nuachtáin go léir a mheas agus roghnaítear iad ag cur san áireamh na spriocléitheoirí don fhógra faoi leith. Déanann an tAonad um Chothú Sláinte pleanáil is ceannaítear spás sna meáin cumarsáide bunaithe ar an Joint National Research Survey a dhéanann measúnú ar nósanna léitheoireachta agus stíl bheatha an phobail. Sé an tsuirbhé seo an léirmheas cuimsitheach ar an dtionscal meáin cumarsáide ar a gcannaítear an chuid is mó d’fhógraí. Déanfaidh mé a dheimhniú go gcuirfear an nuachtán Lá san áireamh agus nuachtáin á roghnú chun fógra a fhoilsiú.