Aengus Ó Snodaigh
Question:317 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Iompair. [15142/04]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004
317 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Iompair. [15142/04]
View answer318 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán Lá san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15157/04]
View answer319 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15172/04]
View answerTá sé molta Ceisteanna Uimh. 317, 318 agus 319 a thógaint le chéile.
Nuair a chuireann an Roinn seo fógra isteach i nuachtáin bíonn roinnt ceisteanna le plé. Ag tógail san áireamh an saghas duine a léann an nuachtán, scaipeadh an nuachtáin, agus na costaisí. Tar éis na ceisteanna seo a chuir san áireamh déantar cinneadh. Sé príomh aidhm na Roinne seo nuair a chuirtear fógra i nuachtán, teastaíonn uainn go dtéann an teachtaireacht amach chuig leitheoirí a theastaíonn an t-eolas áirithe seo uathu.
Chaith an Roinn Iompair €2,340 roimh cáin, agus VAT ar fhógrai sa nuachtán Foinse i 2003.