Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 343 go dtí 345 le chéile.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta gur gnólacht fógraíochta a theachtann an conradh Rialtais d'idirbhearta den chineál sin a chuireann fógraí sna nuachtáin thar ceann mo Roinne. I dtaca leis seo de, tá curtha in iúl dom, i gcás go raibh fógraí á gcur i nuachtán Gaeilge, gur roghnaíodh an foilseachán Foinse mar gurbh é an t-aon nuachtán Gaeilge a bhí ar eolas é a raibh dáileadh leathan air sa dlínse seo.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta nár cuireadh an nuachtán Lá san áireamh mar, go dtí le gairid, ní raibh oifigigh iomchuí mo Roinne ar an eolas faoina dháileadh sa dlínse seo. Is féidir liom a chur in iúl don Teachta, chomh maith, gur €8,906.87 luach na bhfógraí a cuireadh le Foinse le linn 2003.