Skip to main content
Normal View

Clár Dílárnaithe.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 June 2004

Tuesday, 15 June 2004

Questions (525)

Dinny McGinley

Question:

578 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le dílárnú Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair. [17302/04]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá dul chun cinn i ndáil leis an dílárú atá beartaithe d'fhoireann Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, ag brath ar, agus ag fanacht ar, chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

Chas mé leis an Aire, Angela Smith, MP, a bhfuil comhfhreagracht uirthi i ndáil leis An Foras Teanga, ar 12 Bealtaine 2004. Pléadh ceist an díláraithe i measc ábhar eile agus aontaíodh gur chóir don dá Roinn, i gcomhairle le Foras na Gaeilge, an próiseas measúnaithe atá idir lámha faoin gceist seo a thabhairt chun cinn.

Top
Share