Dinny McGinley
Question:217 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, maidir lena chuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall ar an 14 Meán Fómhair, cad iad na ceantair ar ar thug sé cuairt; cad iad na heagraíochtaí agus na daoine ar bhuail sé leo; cad iad na tionscnaimh ar deineadh plé orthu agus an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis an turas i gcoitinne. [22755/04]
View answer