De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá an comhlacht atá luaite ag an Teachta i gcoimhlint le comhlachtaí i dtíortha le costais íseal táirgíochta. Mar is eol don Teachta, tá coimhlint ghéar in earnáil na déantúsaíochta le roinnt blianta agus tá poist á gcailliúint sa tír seo dá réir, na ceantair Ghaeltachta san áireamh.
Tuigim go bhfuil caidreamh leanúnach ar siúl i láthair na huaire ag feidhmeannas Údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht áirithe seo chun scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir lena inmharthanacht a chinntiú.