Skip to main content
Normal View

Scéim Tógála Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 October 2004

Wednesday, 6 October 2004

Questions (120)

Michael D. Higgins

Question:

238 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtabharfaidh sí le fios, mar chuid den athbhreithniú ilbhliantúil i dtaca le tionscnaimh chaipitil a bhfuiltear ag súil leis ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, an ndéanfar measúnú ar thacaíocht caipitil le scoil nua a thógáil, ar shuíomh atá aimsithe agus ceadaithe, do na páistí atá ag freastal ar Scoil Náisiúnta na hAirde Móire, Carna, Contae na Gaillimhe, Uimhir Rolla 105911, ós rud é gur cás práinne atá anseo agus go bhfuil a n-imní léirithe, leis, ag na tuismitheoirí, ag an mbainistíocht agus ag na múinteoirí, agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [23859/04]

View answer

Written answers

Fritheadh iarratas i gcomhair deontais do scoil nua ó Bhord Bainistíochta Scoil Náisiúnta na hAirde Móire, Carna, Contae na Gaillimhe.

Tá athbhreithniú ar na tionscnaimh uile geall le bheith curtha i gcrích ag m'oifigigh, de réir na gcrítéar tosaíochta athbhreithnithe atá pléite leis na comhpháirtithe. 'Sé aidhm an mheasúnaithe ná eolas agus cumas cur i láthair ilbhliantúil a chur ar fáil don scéim tógála scoileanna.

Tá sé ar intinn agam sonraí maidir leis an gclár ilbhliantúil seo a fhógairt roimh dheireadh na bliana reatha. Tá iarratas Scoil Náisiúnta na hAirde Móire san áireamh maidir leis seo.

Top
Share