Skip to main content
Normal View

Foilsitheoireacht Éireannach.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 October 2004

Wednesday, 6 October 2004

Questions (125, 126, 127, 128)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

243 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an bhfuil a fhios aige nach bhfuil freagracht ar bith ag Bord na Leabhar Gaeilge, Áisínteacht Dáiliúcháin Leabhar nó an Leabharlann Náisiúnta as córas international standard book numbering, ISBN, náisiúnta a fhiosrú nó as a leithéid a rith. [23722/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

244 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an bhfuil aon fhreagracht air nó ar a Roinn nó ar aon cheann de na heagraíochtaí atá á maoiniú ag a Roinn, as foilsitheoireacht Éireannach a chur chun cinn in Éirinn nó go hidirnáisiúnta, agus an gcreideann sé go mbeidh international standard book numbering, ISBN, Éireannach ina áis luachmhar don tionscal sin chun filíocht, litríocht nó leabhair eile Éireannacha a chur chun cinn amach anseo. [23723/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

245 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt dá Roinn chun córas international standard book numbering, ISBN, náisiúnta a chur sa siúl cosúil le córais náisiúnta dá shórt atá i bhformhór thíortha eile an Aontais Eorpaigh. [23724/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

246 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an eol dó gur ceist achrannach i measc fhoilsitheoirí na hÉireann í nach bhfuil córas international standard book numbering, ISBN, náisiúnta ar fail dóibh agus cad iad na céimeanna atá an tAire ag gabháil a ghlacadh chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh córas dá leithéid ar fáil acu sara i bhfad, seachas a bheith ag brath ar chóras Shasana. [23744/04]

View answer

Written answers

Tá sé ar intinn agam Ceisteanna Uimhreacha 243 go 246, go huile, a ghlacadh le chéile.

Is tionscnamh de chuid thionscal na foilsitheoireachta é an córas ISBN, leabharuimhreacha caighdeánacha idirnáisiúnta, agus is é an tionscal sin a riarann é. Ba cheart d'fhoilsitheoirí leabhar agus a gcumainn ionadaíochta aon athraithe a bheadh i gceist, a phlé le ISBN. Níl aon fheidhm agam san ábhar.

Top
Share