Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Bord Sláinte.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 November 2004

Tuesday, 2 November 2004

Questions (137)

Breeda Moynihan-Cronin

Question:

204 D'fhiafraigh Ms B. Moynihan-Cronin den Tánaiste agus Aire Sláinte agus Leanaí cén fáth nach bhfuil teiripe urlabhra do pháistí ar fáil trí Ghaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne; cén fáth nach bhfuil traenáil do theiripe urlabhra ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [26941/04]

View answer

Written answers

Tá ceist solathár seirbhísí, ina measc teirípe urlabhra agus teanga, do dhaoine le míchumas fisiceach agus-nó míchumas céadfach mar dhualgas ar Udarás Réigiúnda Sláinte an Oirthir agus ar na mbórd sláinte ar an gcéad dul síos. De bharr seo, tá mé tar éis ceist an Teachta a chur chuig an príomh oifigeach feidhmiucháin i mBórd Slainte an Deiscirt agus iarradh air go ndéanfadh sé dianscrúdu ar an gceist agus an freagra a chur díreach chuig an Teachta, mar ábhar práinneach.

Top
Share