Maidir leis an gceist deiridh, fanfaidh an oifig i mBéal Feirsde, ach amháin sa gcás go dtiocfadh na húdaráis ó Thuaidh chugam agus go mbeidís ag iarraidh í sin a dílárnú. D'fhéadfadh sé sin tarlú. Mar shampla, tá ceann-áras Uisce Bealaigh Éirne in Inis Ceithlinn. Níl sé i mBéal Feirsde. Mar sin, níl aon rud neamhghnách i gceist ag an Rialtas a bheith ag iarraidh go mbeadh oifig Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dóbhair.
Maidir leis an dara cheist, glacaim leis gur cás faoi leith é seo mar go gcaithfear teacht ar réiteach leis na húdaráis ó Thuaidh. Ón gcaint a bhí agam leis an Aire Smith, ní fheicim gur cheist do-sháraithe í sin ach caithfimid a bheith tuisceanach don cur chuige. Admhaím go bhfuil an dul chun cinn mall ach is feidir leis an Teachta a bheith cinnte de go bhfuil i gceist agam é seo a fheiceáil déanta. Déanfaidh mé é sin, le cúnamh Dé, ar bhealach a bhéas tuisceanach agus réadúil.
Is ceist don bhainistíocht í plé leis an bhfoireann agus ní bheadh sé ceart ag Aire dul ag plé go díreach le foireann eagraíochta ar bith a bheadh faoi scáth na Roinne. Is ceist do bhainistíocht an fhorais plé leis an bhfoireann ansin.