Diúltaíodh iarratas níos luaithe i 2004 do Ghaelscoil nua i Leamhcán ar an moladh a rinne coiste comhairleach na scoileanna nua. Rinneadh an cinneadh ar an mbunús go bhféadfaí an soláthar Gaeilge a bhí i Leamhcán cheana a leathnú chun freastal ar éilimh bhreise a thiocfadh chun cinn. Rinne pátrún na scoile beartaithe achomharc ar an gcinneadh seo. Níor éirigh leis an achomharc a stiúraigh bord achomharc neamhspleách.
Tá freastal á dhéanamh ar an éileamh do sholáthar lán-Ghaeilge i gceantar Leamhcáin leis an leathnú atáthar a dhéanamh ar an nGaelscoil atá ann. Maidir leis seo, tá sé cinnithe go leathnófar an scoil go dtí scoil 24 seomra ranga a thiocfaidh ó thaobh méid le réimse méideanna na scoileanna sa cheantar seo, atá ag forbairt go tapa.
Le deireanaí, d'éiligh údaráis bhainistíochta na scoile go mbeadh an leathnú teoranta d'ocht seomra ranga breise. Tá sé seo á bhreithniú laistigh de mo Roinnse i láthair na huaire. Gné thábhachtach ina leith sin is ea an leibhéal éilimh atá ann. Má thagann éileamh sa bhreis ar dhá ionchur seomra ranga chun cinn, comhsheasmhach le prótacal caighdeánach, is é an chéad rogha ná an soláthar atá ann a leathnú. Maidir leis sin, tá sé cinnithe go bhfuil an suíomh sách mór chun freastal ar scoil 24 seomra ranga.
Tuigim go bhfuil fógra foirmiúil faighte maidir leis an rún iarratas a dhéanamh ar aitheantas do Ghaelscoil nua sa cheantar, a thosódh ag feidhmiú i Meán Fómhair 2005. Tá an fógra rúin curtha ar aghaidh chuig coiste comhairleach na scoileanna nua lena bhreithniú. Pléifidh an coiste leis an ábhar, agus déanfaidh an coiste, ar an ngnáthshlí, a chuid moltaí liomsa ar an ábhar sin ag tráth níos deireanaí.