Tá an tionscadal tógála do ghairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir, An Clochar, Condae Dhún na nGall, ag céim luath na pleanála ailtireachta. Ta rátáil banna 2 aige. Faoi láthair tá oifigigh mo Roinnse ag déanamh scrúdú ar aighneacht staid 3 athbhreithnithe agus coinneofar údaráis scoile ar an eolas maidir le haon fhorbairtí.
Tá mo chuid oifigeach beagnach críochnaithe ag athbhreithniú na dtionscadal nach ndeachaigh chun cinn lena dtógáil mar chuid de chlár tógála scoileanna 2004 lena n-áirítear gairmscoil Chú Uladh. Táthar ag déanamh measúnú ar gach tionscadal in aghaidh na gcritéir tosaíochta a comhaontaíodh níos luaithe sa bhliain leis na páirtnéirí oideachais. Sannfar rátáil banna ar gach tionscadal agus breithneofar dul chun cinn gach tionscadail i gcomhthéacs chlár togála scoileanna 2005 ar aghaidh.