Tá sé i gceist agamCeisteanna Uimh. 170 go 176, go huile, a fhreagairt le chéile.
Tuigfidh an Teachta gur cheist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna oibre agus corparáide atá aige.
Faoi mar is eol don Teachta, tá Foras na Gaeilge ag cur maoiniú ar fáil do Phreas an Phobail le haghaidh an nuachtáin Lá. Tuigtear dom gur ionann an maoiniú sin agus 47% de chostais táirgíochta an nuachtáin agus go bhfuil sé geallta do thréimhse a chríochnaíonn ar 31 Nollaig 2004. Faoi láthair, tá measúnú neamhspleách á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar an togra agus, bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe seo, déanfaidh bord an fhorais cinneadh maidir le maoiniú don nuachtán sa todhchaí.
Tuigtear dom freisin gur dhiúltaigh an foras d'iarratas breise ó Lá faoi na scéimeanna pobail Gaeilge a fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2004. D’aontaigh coiste sealbhaithe agus úsáide an fhorais nach raibh an scéim sin oiriúnach le haghaidh maoiniú nuachtáin agus nach bhféadfaí glacadh leis an iarratas de bharr. Cuireadh an cinneadh sin in iúl do bhainistíocht Lá.
Maidir le INTERREG, tá curtha in iúl do mo Roinnse ag an Roinn Airgeadais go bhfuil iarratas faighte faoin scéim sin agus go bhfuil measúnúá dhéanamh air faoi láthair. Níl aon chinneadh déanta maidir leis an iarratas sin go fóill.