Skip to main content
Normal View

Seachtain na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2005

Wednesday, 16 February 2005

Questions (110)

Dinny McGinley

Question:

152 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Airgeadais an mbeidh a Roinn ag comóradh Sheachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5201/05]

View answer

Written answers

Tá Gaeleagras na Seirbhísí Poiblí mar chuid de mo Roinn. Thug siad tacaíocht araimh anall do Sheachtain na Gaeilge ina n-ionad oibre, ina gcúrsaí oiliúna agus mar áis chomhloireachta do Ranna atá ag iarraidh imeachtaí a reáchtáil i rith na seachtaine seo. I mbliana ina bhfoirgneamh féin tá sé beartaithe ag Gaeleagras trí réamhfhógraíocht don bhaill foirne lá ar leith a roghnú i rith na seachtaine mar lá na Gaeilge. Ar an lá sin eagrófar ‘Caife Gaelach'; cuirfear bia chlár an lae ar fáil as Gaeilge; déanfar timpeallacht Gaelach a chóthú le fograí agus Áisitheoirí le daoine a spreagadh pé Gaeilge atá acu a úsáid.

Cuirfear gluais de théarmaíúsáideacha ar fáil mar áis de chomhráite theileafóin, de theachtaireachtaí ríomhphoist agus do chomhfhreagras. I rith an lae ina n-ionad ‘buail isteach' i dTeach Lansdúin cuirfear taispeántas de áiseanna foghlamtha, idir CD, fístéipeanna agus téipeanna ar fáil mar aon le foclóirí, urscéalta do dhaoine fásta agus beidh gearrscannán a thaispeáint.

Top
Share