Skip to main content
Normal View

Seachtain na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2005

Wednesday, 16 February 2005

Questions (125)

Dinny McGinley

Question:

167 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Eachtracha an mbeidh a Roinn ag comóradh Sheachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5203/05]

View answer

Written answers

Tá fochoiste bunaithe ag coiste pairtnéireachta na Roinne le haghaidh achan ghné d'Acht na dTeangacha Oifigiúla a mheas, agus an dóigh is fearr leis an seirbhís i nGaeilge sa Roinn a fheabhsú. Beidh an fochoiste fosta ag plé leis an dóigh is fearr le Seachtain na Gaeilge a úsáid chun aidhmeanna na hAchta a chur chun cinn sa Roinn.

Top
Share