Skip to main content
Normal View

Seachtain na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2005

Wednesday, 16 February 2005

Questions (131)

Dinny McGinley

Question:

173 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an mbeidh a Roinn ag comóradh seachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5204/05]

View answer

Written answers

Níl aon phlean ar leith ag mo Roinn chun seachtain na Gaeilge a chomóradh. Tá mo Roinn, áfach, ag ullmhú dréacht-scéim faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.Léireoidh an scéim, a bheidh in éifeacht ar feadh tréimhse trí bliana, conas a dhéanfaidh mo Roinn forbairt ar a cuid seirbhísí Gaeilge. Tá sé i gceist go mbeidh sonraí na scéime ar fáil go poiblí thart ar Aibreán 2005, nuair a bheidh an scéim aontaithe agam le mo chomhghleacaí an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Top
Share