Skip to main content
Normal View

Irish Language.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2005

Wednesday, 16 February 2005

Questions (146)

Dinny McGinley

Question:

188 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an mhoill atá le foilsiú Thuarascáil Bhliantúil Fhoras na Gaeilge agus cén uair atá sé ag súil go mbeidh an Tuarascáil ar fáil. [5256/05]

View answer

Written answers

Faoi mar is eol don Teachta, tá próiseas casta le comhlíonadh maidir le foilsiú chuntais agus thuarascálacha bhliantúla don bhForas Teanga, sa mhéid gur gá na cuntais/tuarascálacha don dááisínteacht — i.e., Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch — a bheith iniúchta agus formheasta ar dtús, sular féidir iad a chomh-tháthú i gcomhréir leis na forálacha reachtúla agus cuntasaíochta atá leagtha síos. Is riachtanas sainiúil é seo a bhaineann leis an bhForas Teanga amháin i measc nan-institiúidí Thuaidh-Theas.

Faoi láthair, tá an próiseas comhairleach Thuaidh-Theas d'fhonn na cuntais chomh-tháite don bhForas Teanga don tréimhse dar críoch 31 Nollaig 2000 a ghlanadh ag druidim chun críche agus tá súil agam nach fada go mbeidh said réidh le foilsiú. Cuimseoidh na cuntais chomh-tháite sin na cuntais agus tuarascálacha bhliantúla don dááisínteacht.

Maidir le Foras na Gaeilge féin, tig liom a dhearbhú don Teachta go bhfuil na cuntais bhliantúla do na blianta 2001, 2002 agus 2003 curtha ar fáil ag an eagraíocht don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Nuair a bheidh obair an Ard-Reachtaire ar na cuntais sin críochnaithe, beidh sé riachtanach iad a chomh-tháthú le cuntais Tha Boord o Ulstèr-Scotch le go bhféadfar iad a chur faoi bhráid mar chuntais an Fhoras Teanga.

De réir na nósanna imeachta atá leagtha síos, foilseofar tuarascálacha bliantúla na n-áisínteachtaí ag an am céanna leis na cuntais, sa bhfoirm chomh-tháite atá ceadaithe.

Top
Share