Skip to main content
Normal View

Seachtain na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2005

Wednesday, 16 February 2005

Questions (148)

Dinny McGinley

Question:

190 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh seachtain na Gaeilge á comóradh i mbliana, cad iad na príomh imeachtaí a bheidh ar siúl, an mbeidh an Rialtas páirteach agus an ndeánfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5258/05]

View answer

Written answers

Is togra de chuid Chonradh na Gaeilge é seachtain na Gaeilge, a bhfuil maoiniúá chur ar fáil ina leith ag Foras naGaeilge. Tuigim ón bhForas go bhfuil deontas de €88,102 curtha ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun seachtain na Gaeilge a eagrú i mbliana. Tá cóip den lámhleabhar atá curtha i dtoll a chéile ag Conradh na Gaeilge don ócáid seo seolta chuig an Teachta. Cé nach bhfuil freagracht dhíreach ná ról sonrach oifigiúil agam mar Aire i leith sheachtain na Gaeilge, tá cuireadh faighte agam agus glactha agam bheith páirteach in imeachtaí seachtain na Gaeilge.

Top
Share