Skip to main content
Normal View

Seachtain na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2005

Wednesday, 16 February 2005

Questions (169)

Dinny McGinley

Question:

214 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an mbeidh a Roinn ag comóradh Seachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5209/05]

View answer

Written answers

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuil aon imeachtaí ar leith beartaithe chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh i mo Roinnse.

Mar a rinne siad blianta eile, áfach, déanfaidh an Garda Síochána aird a dhíriú ar an tseachtain trí fhaisnéis a chur ar taispeáint ar chlár taispeána agus soláthróidh sé leabhráin eolais faoi Seachtain na Gaeilge a bheidh ar fáil sa limistéar fáiltithe tosaigh i gColáiste na nGardaí. Déanfar Seachtain na Gaeilge a chur chun cinn, freisin, trí imeachtaí praiticiúla laethúla cuí i gColáiste na nGardaí.

Top
Share