Skip to main content
Normal View

Seachtain na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 February 2005

Wednesday, 16 February 2005

Questions (229)

Dinny McGinley

Question:

278 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an mbeidh a Roinn ag comóradh Seachtain na Gaeilge i mbliana agus cad iad na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl sa Roinn i rith na seachtaine. [5212/05]

View answer

Written answers

I gcoitinne tá sé mar pholasaí ag mo Roinn seirbhís tré Ghaeilge a thairiscint dóibh siúd gur mian leo é sin a bheith acu. I rith Seachtain na Gaeilge beidh mo Roinn ag cur in iúl do bhaill fóirne na himeachtaí atáá n-eagrú timpeall na tíre. Freisin, beidh an Roinn ag spreagadh daoine an deis a thógáil an Ghaeilge a labhairt. Maidir leis seo cuirfear roinnt cáipéisí ar fail chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Chomh maith le seo beidh taispeántas i gceannáras na Roinne de bhileoga eolais atá ar fáil.

Top
Share