D'fhógair mé ar 23 Eanáir 2005 go raibh comh-mhaoiniú ar bhonn 50:50 gur fiú€87,000 ceadaithe agam d'Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte le cumasú dó triúr teiripeoirí urlabhra agus teanga le Gaeilge a fhostú chun cur leis na seirbhísí a bhíonn ar fáil sa réimse sin sna ceantair Ghaeltachta.
Is faoin bhfeidhmeannas atá sé, i gcomhar leis an Roinn Sláinte agus Leanaí de réir mar a oireann, na teiripeoirí seo a earcú agus a lonnú péáit a fhágann go mbainfear an luach is fearr is féidir as an mbeartas seo agus tuigtear dom go bhfuil socraithe ina leith idir lámha ag an bhfeidhmeannas cheana féin.
Ní miste a rá gur céim eile í seo atá tógtha le feidhm phraiticiúil a thabhairt don méid atá molta i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus gur ar an mbonn go gcuideoidh an beartas seo lena chinntiú go ndéantar an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht a ceadaíodh an cúnamh sa chás seo. Is ar an tuiscint go nglacfaidh an feidhmeannas freagracht as maoiniú iomlán an bheartais seo tar éis bliana a ceadaíodh an maoiniú seo.