Tá sé i gceist agam bualadh le Bord Údarás na Gaeltachta ar 4 Márta 2005. Glacaim leis go ndéanfar plé, i measc rudaí eile, faoin soláthar airgid a bheidh ar fáil don údarás sa bhliain reatha agus faoi thosaíochtaí na heagraíochta don tréimhse amach romhainn.
Tá soláthar iomlán de €34.33 million curtha ar fáil sna Meastacháin Ghiorraithe d'Údarás na Gaeltachta don bhliain 2005. Is méadú 3.4% é seo ar an tsuim €33.193 million a cuireadh ar fáil i 2004. Ag cur san áireamh an fháltais a gheofar ó fhoinsí eile, mar shampla, ioncam ó fhoirgnimh ar cíos agus ó sheirbhísí, maraon le teacht isteach ó dhíol sócmhainní, aisíoc deontas agus fáltais eile, tá mé sásta go gcuirfidh an soláthar seo ar chumas an údaráis leanúint ar aghaidh leis an obair fhiúntach a dhéanann sé i réimsí tábhachtacha ar mhaithe le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht.