Dírím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 190, 121 agus 332 ar 5 Deireadh Fómhair, 9 agus 23 Samhain 2004 faoi seach.
Tuigim óÚdarás na Gaeltachta nach bhfuil mórán athraithe tagtha ar chúinsí an tionscail ó shin. Ó thaobh na n-oibrithe de, tuigim go bhfuil thart ar aon trian a bhí leagtha as a gcuid oibre go sealadach tar éis a gcearta iomarcaíochta reachtúla a éileamh ón gcomhlacht. Tuigtear go bhfuil na híocaíochtaí iomarcaíochta sin déanta le dáréag agus go bhfuil iarratas amháin á phróiseáil i láthair na huaire.
Tá 15 ag obair go lán-aimseartha sa chomhlacht san am i láthair agus tá dóchas fós ag an mbainistíocht gur féidir gnó a aimsiú a chuirfidh ar a cumas na daoine eile atá fós mar fhostaithe de chuid an chomhlachta a athfhostú.