Skip to main content
Normal View

Glór na nGael.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 9 March 2005

Wednesday, 9 March 2005

Questions (184)

John Cregan

Question:

225 D’fhiafraigh Mr. Cregan den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an féidir leis a dheimhniú go mbeidh an córas timireachta céanna i bhfeidhm nuair a bheidh an t-athscrúdú maidir le Glór na nGael críochnaithe. [8093/05]

View answer

Written answers

Is é Foras na Gaeilge atá ag cur maoiniú ar fáil do Glór na nGael Teoranta agus tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur cheist don bhforas féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas agus nithe gaolmhara eile, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna oibre agus corparáide atá aige.

Tuigtear ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil struchtúr nua foirne á mheas ag coiste stiúrtha Ghlór na nGael faoi láthair agus go bhfuil plé fós ar siúl idir an dá eagraíocht faoin gceist seo.

Top
Share