Skip to main content
Normal View

Scéim Díláraithe.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 May 2005

Thursday, 19 May 2005

Questions (57)

Mary Upton

Question:

56 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an plean chun Foras na Gaeilge a dhílárú "báite go ciúin"; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16642/05]

View answer

Written answers

Mar atá luaite agam cheana féin sa Teach seo, tá an cheist seo faoi réir aontú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Tá na saincheisteanna ábharthacha gur gá mionscrúdú a dhéanamh orthu sula gcuirfear an cheist faoi bhráid na Comhairle á scrúdú ar bhonn leanúnach. Tuigim go bhfuil i gceist go mbeidh cruinniú eile go luath idir mo Roinn féin, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus Foras na Gaeilge chun na críche sin.

Top
Share