Mar a thug mé le fios don Teach i bhfreagraí ar Cheisteanna Dála faoin ábhar seo cheana féin, tá mo Roinnse ag obair, i gcomhar le hOifig an Dréachtóra Pharlaiminte, ar dhréacht de na Rialacháin a dhéanfar faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a bhaineann le húsáid na Gaeilge amháin, nó an Ghaeilge agus an Bhéarla le chéile, a rialú ar fhógairtí béil — cibé beo nó taifeadta — ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí. Chomh maith leis sin, tá comhairle á glacadh ag mo Roinnse le Ranna Rialtais eile mar ullmhúchán do chur i bhfeidhm na Rialachán. Tá dul chun chinn suntasach déanta agus táim dóchasach go mbeidh mé in ann na Rialacháin a dhéanamh go gairid, le go dtiocfaidh siad i bhfeidhm, ar bhonn chéimiúil, go luath sa bhliain 2006.
Maidir le foirmeacha, ní faoi Rialacháin a thagann siad seo san Acht ach faoi na scéimeanna mar mhodhanna cumarsáide. Tá soláthar do fhoirmeacha dhá-theangacha déanta i scéimeanna atá faighte ag an Roinn go dáta.