Pádraic McCormack
Question:69 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, i bhfianaise chinneadh stairiúil an Bhoird Pleanála maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, an bhfuil sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi Alt 33 den Acht Pleanála 2000 a cheanglóidh ar lucht forbartha an fhaisnéis chuí a sholáthar le gur féidir ráiteas tionchar teanga neamhspleách a ullmhú maidir le gach forbairt a bheartófar i limistéir Ghaeltachta. [30699/05]
View answer