Skip to main content
Normal View

Oileáin amach ón gCósta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 December 2005

Tuesday, 13 December 2005

Questions (50)

Joe Higgins

Question:

81 D'fhiafraigh Mr. J. Higgins den Aire Airgeadais an ndéanfaidh sé ráiteas iomlán ar gach gné den socrú idir an Stát, comhlacht príobháideach (sonraí tugtha) agus úinéirí talún maidir le riaradh an Bhlascaoid Mhóir i gCorca Dhuibhne. [37193/05]

View answer

Written answers

Is iad an dá cháipéis a bhfuil riar an oileáin amach anseo bunaithe orthu tuairisc an fhóraim, Eanáir 2002, agus plean bainistíochta an Bhlascaoid Mhóir, a críochnaíodh i Meán Fómhair 2004, agus a dréachtaíodh de bhun mholtaí thuairisc an fhóraim. Iarradh ar pháirtithe uile a raibh baint acu leis ionchur a dhéanamh i bpróiseas an fhóraim agus is ar bhonn comhaontaithe a rinneadh a mholtaí maidir leis an mbealach chun cinn. Cuireann an plean bainistíochta, a dréachtaíodh i gcomhairle le húinéirí maoine ar an oileán, moltaí thuairisc an fhóraim i bhfeidhm agus leagann amach moltaí maidir le gach gné de thodhchaí an Oileán. Déanfaidh mé cóip den doiciméad seo a sheoladh chuig an Teachta.

Lorgaíodh comhairle Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit maidir le cur i gcrích na moltaí seo, ceannach na talún agus teacht ar an oileán san áireamh. Tá cead ón Rialtais ann do mhaoiniú €8.5 milliún ina iomlán do chur i bhfeidhm na moltaí a léirítear sa phlean bainistíochta a chuimsíonn: ceannach talún agus maoine; soláthar céanna ar an oileán agus ar an míntír,ag Dún Chaoin, araon; caomhnú an chroícheantair chaoimhnithe; riarachán; comhairliú. Go dáta tá caiteachas ann de €711,000 ar an togra iomlán.

Top
Share