Tony Gregory
Question:186 D'fhiafraigh Mr. Gregory den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise na maitheasa atá déanta don Ghaeilge agus d’íomhá na Gaeilge sa phobal de thoradh an mhéadaithe ar chraolachán Gaeilge ar na stáisiúin a thagann faoi chúram Choimisiún Craolacháin na hÉireann, CCÉ, cad é an tuairim atá aige ar chinneadh CCÉ deireadh a chur leis an bpost mar chomhordaitheoir Gaeilge ar fhoireann an choimisiúin; agus, dá bhrí sin, an bhfuil sé i gceist ag an Aire scéim a ullmhú faoin Acht teanga chun an neamart seo a réiteach. [8691/06]
View answer