Skip to main content
Normal View

Fóram na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 June 2006

Wednesday, 14 June 2006

Questions (28, 29, 30)

Jan O'Sullivan

Question:

52 D'fhiafraigh Ms O’Sullivan den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó cruinniú a bhí ag Fóram na Gaeilge go dtí seo, cathain a bheidh an chéad chruinniú eile ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22762/06]

View answer

Michael D. Higgins

Question:

67 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gceapann sé go bhfuil plean gníomhaíochta náisiúnta don Ghaeilge ag teastáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22761/06]

View answer

Mary Upton

Question:

85 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuair sé na tuairimí a iarradh ó chomhaltaí Fhóram na Gaeilge i 2005 i gcomhthéacs an róil chomhchomhairle a tugadh don ghrúpa maidir le plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge agus tosaíochtaí gaolmhara gearrthéarma agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22764/06]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 52, 67 and 85 together.

I gcomhréir leis an róil chomhairleoireachta a tugadh d'Fhóram na Gaeilge ag am a bhunaithe, iarradh agus fuarthas tuairimí ó chomhaltaí an Fhóraim maidir le hinmholtacht phlean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt don Ghaeilge mar aon le tosaíochtaí gaolmhara gearr-théarmacha. Mar a mhínigh mé don Teach mar fhreagra ar Cheisteanna eile faoin ábhar seo cheana, tá ceist maidir le ráiteas soiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tar éis teacht chun cinn mar ábhar tosaíochta faoi leith sa chomhthéacs seo agus is ar an ábhar sin dá réir go raibh an fócas is mó go nuige seo. Tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoi seo go luath agus an cúigiú chruinniú den Fhóram a ghairm an uair sin.

Top
Share