Aengus Ó Snodaigh
Question:266 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi alt 9 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, lena chinntiú go mbeidh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal ó chomhlachtaí poiblí mar ghnáthnós agus go mbeidh comharthaí a gcaitear airgead poiblí orthu dátheangach mar ghnáthnós faoi mar a tharlaíonn i dtíortha dátheangacha eile. [30273/06]
View answer