Skip to main content
Normal View

An Teanga Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 October 2006

Thursday, 5 October 2006

Questions (58)

Jan O'Sullivan

Question:

55 D’fhiafraigh Ms O’Sullivan den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseoidh sé, ar son an Rialtais, an ráiteas ar an nGaeilge atá geallta aige. [31300/06]

View answer

Written answers

Mar atá mínithe cheana féin agam don Teach mar fhreagra ar cheisteanna faoin ábhar seo, tá inmholtacht ráitis shoiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tagtha chun cinn mar ábhar tosaíochta faoi leith. Tá dul chun cinn suntasach déanta le tamall gearr anuas chun an ráiteas sin a thógáil céim chun tosaigh agus tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoi go luath.

Top
Share