Tá i gceist agam Ceisteanna 6, 8 agus 11 a thógáil le chéile.
Maidir le scéimeanna chun cabhrú le heagraíochtaí san earnáil phoiblí a bhfuil a gcumas agus a n-acmhainn teoranta ó thaobh bheith ag saothrú trí Ghaeilge, ní miste dom a lua go bhfuil mo Roinnse ag obair go dlúth i gcónaí le Foras na Gaeilge, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, An Foras Riaracháin agus institiúidí tríú leibhéal chun a chinntiú go gcuirfear leis an soláthar sainchúrsaí Gaeilge atá dírithe ar fhostaithe in eagraíochtaí san earnáil phoiblí. I measc na gcúrsaí seo, áirítear córas creidiúnaithe d'oiliúint Ghaeilge agus sainchúrsaí oiliúna Gaeilge.
Ó thaobh soláthar aistritheoirí de, is fiú a lua gur d'fhoilsigh Foras na Gaeilge ar a shuíomh idirlín an chéad painéal d'aistritheoirí faoin gcóras creidiúnaithe i mí Iúil na bliana seo. Bhí iarrtha agam ar an bhForas a leithéid de chóras a fhorbairt ionas go mbeadh fáil ag an bpobal agus ag comhlachtaí poiblí ar aistritheoirí ard-cháilithe den scoth. Reáchtáladh scrúdú i mí Aibreáin mar chéad chéim den phróiseas agus is as sin atá an painéal bunaithe. Beidh scrúdaithe eile a reáchtáil amach anseo ag tráthanna rialta chun cur leis an bpainéal seo. Is cinnte gur cúnamh tábhachtach praiticiúil atá anseo do chomhlachtaí poiblí a úsáideann seirbhísí ó aistritheoirí príobháideacha. Ar ndóigh, tá an Foras gníomhach chomh maith maidir le heolas faoi dheiseanna fostaíochta mar aistritheoirí agus araile ar leibhéal na hEorpa a scaipeadh ar phobal na Gaeilge sa tír seo.
Ní mór a lua sa chomhthéacs seo gur cheadaigh mé deontais le déanaí do raon institiúidí tríú leibhéal as ciste €1m a bhunaigh mé d'aonghnó i mbliana chun tacú le soláthar sainchúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá an scéim nua, atá á riaradh i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tÚdarás um Ard-Oideachas, dírithe ar líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú, i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach.