Mar ár dteanga náisiúnta agus an chéad teanga oifigiúil faoin mBunreacht, tá sé mar pholasaí ag an Rialtas tacaíocht dhearfach a sholáthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Dá réir sin, mar atá leagtha síos i Ráiteas Straitéise mo Roinne 2005-07, is tosaíocht ar leith do mo Roinnse: an Ghaeilge a thacú agus a láidriú mar phríomhtheanga an teaghlaigh agus an phobail sa Ghaeltacht; agus úsáid na Gaeilge a mhéadú ar fud na tíre.
D'fhonn an straitéis seo a chur chun cinn, feidhmíonn mo Roinnse go díreach trí scéimeanna agus tionscnaimh tacúla a fheidhmiú ar mhaithe leis an nGaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Cuirtear béim ar leith freisin ar chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ar bhonn céimiúil. Chomh maith leis sin, cuireann mo Roinnse tacaíocht ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge d'fhonn cabhrú leo a gcuid feidhmeanna reachtúla i leith na Gaeilge a chur chun cinn.
Tá feidhm reachtúil Údarás na Gaeltachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht sonraithe sa reachtaíocht faoina fheidhmíonn an eagraíocht (Achtanna Údarás na Gaeltachta 1979-1999). Tá cur síos ar bheartais reatha an Údaráis ina Bheartas Forbartha 2005-2010, atá ar fáil ar an suíomh idirlíon www.udaras.ie. Tugtar léargas cuimsitheach ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta i dTuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Údarás na Gaeltachta a leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bhliain agus atá ar fáil ar an suíomh idirlíon freisin.
Bunaíodh Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 agus tá na feidhmeanna seo a leanas aige faoin Acht sin: an Ghaeilge a chur chun cinn: úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann; comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach; tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá; taighde, feachtais, tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh; téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt; agus tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.
Cuimsíonn feidhmeanna an Fhorais na feidhmeanna a bhíodh ag iar-Bhord na Gaeilge chomh maith. Tá cur síos ar obair an Fhorais ar a shuíomh idirlíon www.forasnagaeilge.ie. Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta atá an phríomh-fhreagracht maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais.