Tógfaigh mé Uimh. Ceisteanna 539 agus 540 le chéile.
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 6, 8 agus 9 den 5 Deireadh Fómhair 2006.
Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, d'fhoilsigh Foras na Gaeilge ar a shuíomh Idirlín an chéad phainéal d'aistritheoirí faoin gcóras creidiúnaithe nua i mí Iúil na bliana seo. Bhí iarrtha agam ar an bhForas a leithéid de chóras a fhorbairt ionas go mbeadh fáil ag an bpobal agus ag comhlachtaí poiblí ar aistritheoirí ard-cháilithe den scoth. Reachtáladh scrúdú i mí Aibreáin mar chéad chéim den phróiseas agus is as sin atá an painéal bunaithe. Beidh scrúduithe eile a reachtáil amach anseo ag tráthanna rialta chun cur leis an bpainéal seo. Is cinnte gur cúnamh tábhachtach praiticiúil atá anseo do chomhlachtaí poiblí a úsáideann seirbhísí ó aistritheoirí príobháideacha. Ar ndóigh, tá an Foras gníomhach chomh maith maidir le heolas faoi dheiseanna fostaíochta mar aistritheoirí agus araile ar leibhéal na hEorpa a scaipeadh ar phobal na Gaeilge sa tír seo.
Ní mór a lua sa chomhthéacs seo gur cheadaigh mé deontais le déanaí do raon institiúidí tríú leibhéil as ciste €1m a bhunaigh mé d'aonghnó i mbliana chun tacú le soláthar sainchúrsaí tríú leibhéil trí Ghaeilge. Tá an scéim nua, atá á riaradh i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tÚdarás um Ard-Oideachas, dírithe ar líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú, i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach.
Maidir le scéimeanna Teanga de, tá 35 scéim daingnithe agam go dáta le comhlachtaí poiblí agus foilsithe. I measc na gcomhlachtaí poiblí seo tá na hollscoileanna agus na hinstitiúidí tríú leibhéil seo a leanas: Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Luimnigh.
Sa bhreis air sin, tá mo Roinnse ag plé faoi láthair le os cionn 60 comhlacht poiblí eile — institiúidí tríú leibhéil san áireamh — maidir le dréacht-scéimeanna teanga a ullmhú. Tá na scéimeanna uile atá aontaithe go dtí seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara Teanga.