Beartaím Ceisteanna Uimh. 624 agus 626 a thógáil le chéile.
Mar is eol don Teachta cheana féin, is ag na hollscoileanna féin atá sé de cheart agus de chúram cúrsaí a sholáthar ar an gcéad dul síos. Faoi réir Acht na nOllscoileanna 1997, is institiúidí neamhspleácha iad ollscoileanna agus níl baint ar bith ag mo Roinn leis an ngnáth-obair laethúil acu.
Tá cuspóirí agus feidhmeanna ollscoile leagtha amach in alt 12 d'Acht na nOllscoileanna 1997. Forálann alt 12 (e) go gcuimseoidh cuspóirí ollscoile: "to promote the official languages of the State, with special regard to the preservation, promotion and use of the Irish language and the preservation and promotion of the distinctive cultures of Ireland". B'fhéidir gur eol don Teachta go soláthraíonn An tÚdarás um Ardoideachas maoiniú ar leith do líon áirithe Tionscnamh Sprioctha. Ar na nithe a dtacaítear leo faoin Tionscnamh Sprioctha don Ghaeilge tá múineadh ábhair seachas an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge agus forbairt úsáid na Gaeilge ar fud an choláiste ag mic léinn agus foireann araon.