Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 48 agus 70 le chéile.
De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta óna shuirbhéanna fostaíochta bliantúla, tháinig glanmhéadú 108 ar líon na bpost lánaimseartha i gcuideachtaí a fuair cúnamh ón Údarás sa tréimhse 2002-2005, i.e., cruthaíodh 462 post agus cailleadh 354 post. Níl an suirbhé fostaíochta curtha i gcrích maidir le 2006 go fóill ach tuigim ón Údarás go mbeidh an t-eolas sin ar fáil go luath i mí Eanáir 2007.
Tugtar sa Tábla leis seo an briseadh síos de réir bliana mar atá iarrtha ag an Teachta. Mar eolas breise don Teachta, tháinig méadú ar lion na bpost páirtaimseartha/séasúracha ó 437 i 2002 go 483 ag deireadh 2005.
Tábla: Briseadh síos de réir bliana ar líon na bpost nua agus na bpost a cailleadh, mar aon leis an meán-chostas in aghaidh an phoist
Bliain
|
Poist nua
|
Poist caillte
|
Meán-chostas an phoist
|
|
|
|
€
|
2002
|
89
|
69
|
4,771
|
2003
|
122
|
99
|
1,611
|
2004
|
92
|
91
|
4,141
|
2005
|
159
|
95
|
7,045
|