Skip to main content
Normal View

Cosaint Chósta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2007

Tuesday, 6 March 2007

Questions (433)

Michael D. Higgins

Question:

512 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an eiseoidh sé nó an eiseoidh a chomhghleacaithe na ceadúnais atá riachtanach chun go dtógfaidh siad mar chúram orthu féin an dá thrá ar an Spidéal, Trá na mBan agus Trá na Céibhe Nua, a ghlanadh. [8285/07]

View answer

Written answers

Táim á thógaint go bhfuil an Teachta ag tagairt d'fhadhbanna bruscair ar na tránna seo. Faoi réir na nAchtanna um Thruaillithe ó Bhruscair 1997 go 2003, leagtar ar na húdaráis áitiúla déileáil le cúrsaí bruscair. Níl feidhm ag mo Roinn san ábhar, agus b'fhearr ceist a dhíriú ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun tuilleadh eolas a fháil ar an gcás seo.

Top
Share