Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 27 September 2007

Thursday, 27 September 2007

Questions (26)

Dinny McGinley

Question:

23 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé cuntas ar na deontais atá ceadaithe ag a Roinn do gach oileán ar chósta Dhún na nGall ó thosach na bliana 2007. [20919/07]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn freagrach as réimse leathan scéimeanna agus deontas. Seo a leanas liosta na ndeontas a ceadaíodh ó thús 2007 go data i gcóir na n-oileán ar chósta Dhún na nGall:

Ainm an Oileáin

Scéim/ Clár

Sonraí

Méid ceadaithe

Toraigh

Scéim Labhairt na Gaeilge

14 iarratasóir

3,640

Toraigh

Clár Oileánda 2007

Bóithre

100,000

Toraigh

Miontograí Oileánda

Deontais bheaga ilghnéitheacha

6,626

Toraigh

Achtanna na dTithe

6 iarrasatóir

42,000

152,266

Árainn Mór

Scéim Labhairt na Gaeilge

47 iarratasóir

7,670

Árainn Mór

Scéim na bhFoghaimeoirí Gaeilge

21 iarratasóir

106,239

Árainn Mór

Clár Oileánda 2007

Bóithre

160,995

Árainn Mór

Miontograí Oileánda

Deontais bheaga ilghnéitheacha

3,013

Árainn Mór

Achtanna na dTithe

15 iarratasóir

89,210

367,127

Chomh maith leis sin, cheadaigh mo Roinn deontas de €4,160 d'Ancaire, Comharchumann na nOileán Beag i nDún na nGall, le haghaidh bróisiúir maidir leis na hoileáin sin a chur i gcló.

Anuas air sin, tá deontas bliantúil de €95,000 ceadaithe ag mo Roinn do Chomhdháil Oileáin na hÉireann chun a chur ar chumas na heagraíochta feidhmiú mar ghrúpa ionadaíoch ar son na n-oileán uilig, na cinn i nDún na nGall san áireamh. Ceadaíodh deontais eile don Chomhdháil freisin mar a leanas:

Scéim

Méid

Sonraí

An Scéim Shóisialta Tuaithe

12,835

Riarachán

An Scéim Shóisialta Tuaithe

3,000

Fógraíocht ar an Scéim

An Scéim Shóisialta Tuaithe

10,000

Caiteachas caipitil ar ábhar agus ar threalamh

Clár LEADER

458,915

Riarachán

Maidir le seirbhísí iompair chuig na hoileáin, tá conarthaí de luach €155,509 agus €169,584 in aghaidh na bliana tugtha amach ag mo Roinn i leith sheirbhísí farantóireachta Thoraigh agus Árann Mhór, faoi seach. Chomh maith leis sin, íoctar thart ar €70,000 in aghaidh na bliana i leith sheirbhís ingearáin doThoraigh.

Top
Share