Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach mbeidh figiúirí maidir leis an líon post atá cruthaithe acu i 2007 ar fáil go dtí go bhfoilseofar torthaí shuirbhé fostaíochta na heagraíochta ag tús 2008.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta, áfach, go raibh 2006 ar an bhliain ab' fhearr ó 1998 agus gur tháinig glanmhéadú de 295 ar an líon daoine i bhfostaíocht lánaimseartha sa Ghaeltacht. Ag deireadh 2006, bhí 7,953 duine fostaithe go lánaimseartha agus 4,380 duine fostaithe go páirtaimseartha/séasúrtha i gcomhlachtaí a fuair cúnamh ón Údarás.