Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 April 2008

Thursday, 17 April 2008

Questions (489)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

481 D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas Ghaelscoil Inse Chór ar sheomra ranga nua a fháil ar cíos. [14562/08]

View answer

Written answers

Is mian liom a dhearbhú go bhfuarthas iarratas ó údaráis na Gaelscoile Inse Chór le haghaidh seomra ranga sa bhreis a chur ar fáil.

Tá sé glactha ag mo Roinn go bhféadfaí gnáthsheomra ranga a chur ar cíos. Rinneadh litir a eisiúint le déanaí chuig na húdaráis scoile.

Top
Share