Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 23 April 2008

Wednesday, 23 April 2008

Questions (120)

Dinny McGinley

Question:

183 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le scoil úr (sonraí tugtha) a thógáil, an bhfuil suíomh úr aimsithe, an bhfuil an suíomh ceannaithe, cén staid ag a bhfuil cúrsaí pleanála don scoil ag an phointe seo; cén uair a chuirfear tús leis an obair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15530/08]

View answer

Written answers

Táthar tar éis a iarraidh ar Oifig na nOibreacha Poiblí, a fheidhmíonn thar ceann mo Roinnse go ginearálta maidir le fáil suíomhanna do scoileanna, suíomh oiriúnach a aimsiú don scoil atá i gceist. Táthar tar éis suíomh oiriúnach a shainaithint agus tá fáil an tsuímh sin dulta ar aghaidh go dtí ardchéim. Machnófar ceannach an tsuímh agus an tionscadal tógála atá molta don scoil i gcomhthéacs an Chlár ilbhlianach Tógála agus Nuachóirithe Scoileanna atá ar siúl ag mo Roinnse.

Top
Share