Skip to main content
Normal View

An Teanga Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 May 2008

Thursday, 8 May 2008

Questions (262)

Dinny McGinley

Question:

262 D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Eachtracha cad atá á dhéanamh aige tríd an mBuanionadaíocht sa Bhruiséal nó ar aon bhealach eile chun a dheimhniú go gcuirfidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, go sonrach Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa, a suímh idirlín ar fáil trí mheán na Gaeilge ar bhonn comhionann le teangacha oifigiúla eile, gan idirdhealú, agus de réir dlí; an nglacann sé leis go bhfuil úsáid mhíchuí á baint as an maolú a bhaineann le foilsiú reachtaíochta amháin mar leithscéal chun cearta sonracha i réimsí eile, seirbhísí idirlín EUROPA san áireamh, a cheilt ar phobal na Gaeilge; an ndéarfaidh sé linn cad iad na céimeanna atá tógtha aige chun a dheimhniú go gcuirfear deireadh leis an maolú nuair a dhéanfar athbhreithniú air roimh dheireadh na bliana 2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17588/08]

View answer

Written answers

Bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre an AE ar an nGaeilge ar 1 Eanáir 2007. Sainmhíníonn Rialachán 920/2005 na socraithe a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil. Ciallaíonn an stádas go gcaitheann gach institiúid san AE, an Pharlaimint san áireamh, gach rialachán a ghlacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa leo i gcomhpháirt a aistriú go Gaeilge. Ní chiallaíonn sin, áfach go gcaitheann na hInstitiúidí seirbhís idirlín á chur ar fáil. Ach bíonn mo Roinn-se i gcónaí ag obair go dlúth leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun tacaíochta a thabhairt d'Institiúidí an AE. Tá seirbhís bunúsach idirlín á chur ar fáil ag an gCoimisiún de bharr iarrachtaí oifigigh de chuid mo Roinn-se atá ar iasacht leo chun na críche sin.

Táim sásta go bhfuil muid tar éis lán-tacaíocht agus comhoibriú a fháil ó gach institiúid san AE i leith an cinneadh seo a chur i bhfeidhm. Is dul chun cinn thar a bheith suntasach é don Ghaeilge ar leibhéal an AE an méid atá bainte amach againn go dtí seo. Má dhaingnaíonn na Ballstáit uile an Conradh um Athchóiriú, beidh idir dhushláin agus deiseanna nua romhainn ó thaobh úsáid na Gaeilge i ngnó reachtach an Aontais ar bhonn níos leithne Beidh comhchinnteoireacht mar mhodh caighdeánach le haghaidh cinnteoireacht reachtach san Aontas. De bhrí seo, beidh gá le i bhfad níos mó aistriúcháin reachtaigh go Gaeilge ó 1 Eanáir 2009. Mar sin, níl aon chinneadh tógtha ag an Rialtas maidir le hathbhreithniú ar an maolú.

Leanfaimid ag obair, i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséal, ionnas go dtabharfar gach tacaíocht d'Institiúidí an AE seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar taobh istigh de chóras Rialachán 920/2005.

Top
Share