I dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuilim sásta go bhfuil na dréacht-Rialacháin faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar atá siad dréachtaithe faoi láthair cuimsitheach agus leathan go leor. Measaim go bhfeicfear athraithe suntasacha ó thaobh fheiceálacht na Gaeilge de sa saol poiblí nuair a thagann siad i bhfeidhm. Táim den tuairim chomh maith, mar atá ráite agam cheana, nach bhfuil sé inmholta a bheith ag iarraidh chuile rud a bhaint amach in aon iarracht amháin.
Sin ráite, tá, mar is eol don Teachta, roinnt díolúintí leagtha amach sna dréacht-Rialachán — mar shampla, maidir le hainmneacha pearsanta, ainm branda, lógónna agus ainm chomhlachta (seachas comhlacht poiblí). Is d'aon ghnó atá na heisceachtaí seo á moladh agam. Táim go láidir den bharúil nach mbeadh ciall dá laghad le dualgas a chur ar chomhlachtaí cosúil leis an mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh ná Bord Soláthar Leictreachais na lógónna atá acu a aistriú go Gaeilge trí ASS nó BSL á úsáid, chomh maith leis na leaganacha atá acu cheana féin. Is ainmneacha branda agus lógónna iad seo a bhfuil aithne fhairsing orthu i measc an phobail. Tá na comhlachtaí Stáit seo, agus go deimhin comhlachtaí poiblí eile dá leithéid, i gcomórtas le cuideachtaí eile agus níl sé i gceist agam aon dochar a dhéanamh dá n-íomhá ná dá gcúraim thráchtála. Táim sásta go bhfuil na heisceachtaí seo réasúnta, stuama agus ciallmhar agus go léiríonn siad an cur chuige praiticiúil, ciallmhar agus réalaíoch atá glactha agam agus na dréacht-Rialacháin á n-ullmhú.
Mar fhocal scoir, ní miste a lua go mbeidh deis agam amárach na dréacht-Rialacháin a phlé leis an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta uair amháin eile.