Tá an curaclam nua bunscoile don Ghaeilge, atá curtha i bhfeidhm ag gach aon bhunscoil ó 2003 i leith, bunaithe ar chur chuige cumarsáideach. Cuireann sé béim ar leith ar fhorbairt scileanna éisteachta agus labhartha na bpáistí agus misníonn sé múinteoirí bunscoile chun úsáide a bhaint as éagsúlacht modhanna múinte don Ghaeilge. Misníonn sé múinteoirí chomh maith chun Gaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga cumarsáide i rith an lae scoile, agus chun gnéithe áirithe den churaclam a mhúineadh trí Ghaeilge.
Aithníonn an curaclam don Ghaeilge go bhféadtar inniúlacht daltaí sa theanga a fhorbairt trí ghnéithe den churaclam a mhúineadh trí Ghaeilge, mar go dtugtar sa chaoi sin deis do dhaltaí a bhfuil foghlamtha acu sa rang Gaeilge a leathnú agus a dhaingniú.
Tá sé le tuiscint ón gcuraclam gur féidir le múinteoirí ag leibhéil éagsúla gnéithe d'ábhair áirithe a mhúineadh trí Ghaeilge, ábhair de leithéid Corpoideachas, Ceol, Amharcealaíona, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte, Stair agus Tíreolas. Tugann sé leideanna úsáideacha do mhúinteoirí ar an gcaoi le múineadh na n-achar seo den churaclam a chomhtháthú le múineadh na Gaeilge.
Tá clár náisiúnta de 3,500 seimineár oiliúna in-seirbhíse curtha i bhfeidhm ag an gClár Tacaíochta do Churaclam na Bunscoile do 21,000 múinteoir bunscoile chun tacú le cur i bhfeidhm churaclaim na Gaeilge. Ina theannta sin, tugann cuiditheoirí (is é sin comhairleoirí ón tSeirbhís Réigiúnach Tacaíochta don Churaclam), atá suite i lárionaid áitiúla oideachais, cuairt ar scoileanna chun tacú le múinteoirí agus comhairle a thabhairt ar ghach gné de churaclam na Gaeilge. Gabhann 31 comhairleoirí leis an scéim Tús Maith agus tá siadsan ag leathnú oibre in-seirbhíse a rinneadh leis na múinteoirí cheana sa Ghaeilge chun cur le hinniúlacht agus muinín na múinteoirí féin agus iad ag labhairt na Gaeilge chomh maith lena n-ábaltacht an teanga a mhúineadh.
Tá an fhianaise ann go bhfuil móran bunscoileanna báúil le comhtháthú na Gaeilge le múineadh achar eile den churaclam. Tuairiscíonn níos mó ná ceathrú de na scoileanna i bhfoirmeacha bliantúla na staitisticí go n-úsáideann siad an Ghaeilge chun ábhar amháin nó níos mó ná sin a mhúineadh.