Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 1194 go dtí Uimh 1269 le chéile.
Ní miste a chur in iúl don Teachta go bhfuil gach eolas mar gheall ar na comhlachtaí a bhfuil iarrtha orthu scéimeanna teanga a aontú go dtí seo ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.
Tá 83 scéim teanga, a chlúdaíonn 151 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe agam agus foilsithe ó tháinig an tAcht i bhfeidhm. Tá na scéimeanna sin uile ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga chomh maith. Sa bhreis ar sin, tá 33 scéim nua teanga eile, a chlúdaíonn 59 comhlacht poiblí, á n-ullmhú don chéad uair faoi láthair ag na gcomhlachtaí sin. Chomh maith le sin, tá fógraí faoi alt 15 den Acht eisithe agam chuig 22 comhlacht poiblí eile, a dtiocfaidh deireadh le tréimhsí ama a gcéad scéimeanna teanga i mbliana, ag iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú a scéime agus dréacht-scéim nua a ullmhú agus a thíolacadh chugamsa le daingniú. Fágann sé sin go bhfuil oifigigh mo Roinne ag plé le breis agus 50 scéim teanga faoi láthair. Ag tógáil san áireamh an dul chun cinn a dhéanfar i rith na bliana seo maidir leis na 50 dréacht-scéim teanga sin, tá i gceist agam cinneadh a dhéanamh amach anseo maidir le líon agus sonraí na gcomhlachtaí poiblí a n-iarrfar orthu a gcéad dréacht-scéim a n-ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú sna tréimhsí amach romhainn. Fógrófar ainmneacha na gcomhlachtaí poiblí sin nuair a dhéanfar cinneadh ina leith sin ó am go ham.
Tá na heagrais nua atá tar éis teacht faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó ritheadh an tAcht in 2003 forordaithe sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006). Ní miste dom a lua go bhfuil roinnt eagraíochtaí nach bhfuil ann níos mó luaite ag an Teachta ina chuid Ceisteanna — tá sonraí faoi seo ar fáil chomh maith sna Rialacháin céanna. Is ‘Pobal' an teideal atá anois ar an gcomhlacht a bhí ainmnithe mar Area Development Management roimhe seo.
Maidir le Ceist Uimh —, tá scéim aontaithe agam leis an gcuid is mó de na comhlachtaí a luann an Teachta agus tá said ag feidhmiú faoi láthair. Ní thuigim, mar sin, dearcadh atá á léiriú ag an Teachta sa Cheist ach ní fheicim gur féidir níos mó a rá ar thaifead an Tí i gcomhthéacs Ceiste atá curtha síos ar bhonn ‘sonraí tugtha'.